top of page
Search

Cad is pleanáil teanga ann? | What is language planning?

Updated: Nov 7, 2019



Tá an iliomad sainmhínithe ar an bpleanáil teanga. Is féidir a rá go hachomair gurb é atá i gceist leis ná modhanna pleanáilte faoina ndéantar iarracht tionchar a imirt ar an teanga a labhraítear in aon phobal faoi leith. Is féidir a rá freisin gur cnuasach smaointe, dlíthe, rialachán agus cleachtas atá ann chun athrú pleanáilte maidir le húsáid teanga i bpobal faoi leith a bhaint amach. Is é an sprioc atá ag an bpleanáil teanga sa chás seo ná lucht labhartha na Gaeilge a mhéadú agus buanú a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge mar theanga teaghlaigh agus mar theanga pobail.  Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ina ndeirtear go ‘dtosófar próiseas pleanála teanga agus déanfar plean teanga a ullmhú ag leibhéal pobail do gach ceantar Gaeltachta faoin Acht nua.’ Mar chuid de seo, déanfar pleanáil teanga i mBailte Seirbhíse Gaeltachta.  


 

Language planning has many different definitions. In short, it is when a deliberate effort is made to influence the spoken language in a community. It can also be defined as a set of ideas, laws, rules and practices used to achieve an intentional change with regards the language in a particular community. In this case, the aim of language planning is to increase the number of Irish speakers, and to perpetuate the use of the Irish language as both a household language and a public language.  

The Gaeltacht Act 2012 adheres to the 20-Year Strategy of the Irish Language 2010 – 2030 wherein it is stated that “under the new Act, language planning processes will be implemented, and a language plan will be devised at community level for every Gaeltacht area”. As part of this, a language strategy will be formulated in Gaeltacht Service Towns.


67 views0 comments

Recent Posts

See All
bottom of page