An tOideachas | Education
7. Clár foghlama Gaeilge don Idirbhliain sa 5 iarbhunscoil a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
Aidhm: An leibhéal cumais sa Ghaeilge atá ag daltaí iarbhunscoile i dTrá Lí a ardach agus tuiscint bhreise a thabhairt dóibh ar an gceantar Gaeltachta atá in aice láimhe leo. An cumas labhartha atá acu sa teanga agus an tuiscint atá acu ar phobal labhartha na Gaeilge a leathnú ionas go mbraithfidh siad féin páirteach sa phobal sin.
8. Clár inseirbhíse do mhúinteoirí Gaeilge iarbhunscoile a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
Aidhm:Caighdeán múineadh na Gaeilge in iarbhunscoileanna i dTrá Lí a choinneáil ag leibhéal ard ag baint úsáide as clár inseirbhíse le dea-chleachtas a chur chun cinn agus comhoibriú gairmiúil idir múinteoirí agus scoileanna a chothú.
9. Comhoibriú agus tacú le hOllscoil Teicneolaíochta na Mumhan cúrsaí trí mheán na Gaeilge a fhorbairt agus a sholáthar do dhaoine fásta.
Aidhm: An Ollscoil a spreagadh le cúrsa / cúrsaí trí mheán na Gaeilge a sholáthar d’fhonn leanúnachas san oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil i gCiarraí ón mbunscolaíocht go dtí an tríú leibhéal.
10. Comhoibriú agus tacú le hOllscoil Teicneolaíochta na Mumhan chun Oifigeach Forbartha Gaeilge a fhostú.
Aidhm: Tacú le haon iarrachtaí a bheadh ag an Ollscoil sa chás go mbeifí ag bunú Oifig Gaeilge / Oifigeach Gaeilge ar an gcampas.
11. Cúrsaí ar líne trí mheán na Gaeilge a sholáthar i gColáiste Breisoideachais agus Oiliúna Chiarraí.
Aidhm: Réimse cúrsaí ar líne a fhorbairt a sholáthrófar trí mheán na Gaeilge. Cinnteoidh sé seo leanúnachas sa chóras oideachais ón meánscolaíocht lán-Ghaeilge go dtí earnáil an bhreisoideachais agus oiliúna.
12. Ceardlanna trí Ghaeilge ar ghnéithe de na meáin dhigiteacha a sholáthar sa Digital Media Training Centre do dhaoine fásta.
Aidhm: Ceardlanna trí mheán na Gaeilge a sholáthar ar ghné/ghnéithe ar leith de na meáin dhigiteacha sa Digital Media Training Centre i dTrá Lí.
13. Ról Oifigeach Oideachais Gaeilge do na bunscoileanna i dTrá Lí a fhorbairt.
Aidhm: Ról a chruthú do Oifigeach Oideachais Gaeilge, mar atá in Uíbh Ráthach, a thabharfadh tacaíocht teanga do bhunscoileanna Thrá Lí d’fhonn breis cumais sa Ghaeilge a thabhairt do dhaltaí.
7. Develop and implement a learning programme for Transition Year students in the 5 post-primary schools in Tralee.
Aim: Raise the Irish language competency level for post-primary students in Tralee and give them a deeper understanding of the Gaeltacht area on their doorstep. Widen the students’ spoken ability and their knowledge of the Irish speaking community so that they may feel a part of that community themselves.
8. Develop and implement an inservice programme for Irish teachers in the post-primary schools.
Aim: Maintain the high standard of the teaching of Irish in Tralee post-primary schools by using an inservice programme that promotes best-practice and fosters professional co-operation between teachers and schools.
9. Work with and support the Munster Institute of Technology as it develops and provides courses through Irish for adults.
Aim: Encourage the Institute to provide a course/ courses through Irish in order to provide continuity of Irish-medium education in Kerry from primary school to third level education.
10. Work with and support the Munster Institute of Technology in its efforts to employ an Irish Language Development Officer.
Aim: Support any efforts of the University in establishing an Irish Language Office / Officer on campus.
11. Provide online courses through Irish in the Kerry College of Further Education and Training.
Aim: Develop a range of online courses through Irish. This would ensure a continuation of Irish-medium education from Irish-medium post-primary schools to the Further Education and Training sector.
12. Provide workshops for adults through Irish on aspects of digital media in the Digital Media Centre.
Aim: Provide workshops for adults through Irish on aspects of digital media in the Digital Media Centre.
13. Develop an Irish Education Officer role for primary schools in Tralee.
Aim: Create a role for an Irish Education Officer such as exists in Uíbh Ráthach, that would provide Irish language support for Tralee primary schools and raise the Irish language competency levels of students.