top of page

An Pobal | Community

17. Ranganna Gaeilge do dhaoine fásta a chur ar siúl.

Aidhm: Deis a thabhairt do phobal Thrá Lí cur lena gcumas sa Ghaeilge.

 

18. Seirbhís Chomhairleoireachta do Chomharthaíocht Ghaeilge a chur ar fáil.

Aidhm: Seirbhís chomhairleoireachta agus aistriúcháin a chur ar fáil do lucht gnó Thrá Lí agus iad ag cur comharthaí Gaeilge in airde.

Seirbhís chomhairleoireachta a chur ar fáil don earnáil phoiblí agus stáit i dTrá Lí maidir le comharthaíocht as Gaeilge.

Lucht gnó a chur ar an eolas faoin Scéim Tacaíochta Gnó ag Foras na Gaeilge a chabhraíonn le gnólachtaí comharthaíocht dhátheangach a chur in airde.

 

19. Próifíl a thabhairt don Ghaeilge i bhféilte Thrá Lí.

Aidhm: Duaiseanna a chur ar fáil don dream is mó a chuireann le feiceálacht na Gaeilge le linn na féile, bíodh san i mórshiúl, i scaipeadh eolais, ag seastáin etc.

D’fhéadfadh daltaí iarbhunscoile taispeántais a chur ar siúl ag na féilte.

20. Cumann Caitheamh Aimsire trí Ghaeilge a bhunú.

Aidhm: Imeachtaí bainteach le caitheamh aimsire éagsúla a eagrú ag an deireadh seachtaine ar bhonn míosúil do phobal labhartha na Gaeilge. Tugann sé seo deis do dhaoine teacht le chéile chun páirt a ghlacadh in imeachtaí taitneamhacha trí mheán na Gaeilge agus sa tslí sin cur leis na suímh inar féidir leo an Ghaeilge a labhairt.
 

21. Tacú leis an Pop-Up Gaeltacht.

Aidhm: Tacaíocht a thabhairt don Pop-Up Gaeltacht atá ar an bhfód i dTrá Lí le tamall de blianta anuas, trí phoiblíocht agus margaíocht bhreise a dhéanamh ar na hócáidí.


 

22. Tacú le Ciorcail Chomhrá

Aidhm: Tacaíocht a thabhairt don Chiorcal Comhrá atá ar an bhfód i dTrá Lí le blianta agus le haon Chiorcal Comhrá eile a bhunófaí trí phoiblíocht agus margaíocht bhreise a dhéanamh ar na hócáidí.

17. Provide Irish language lessons for adults.

Aim: Give people the opportunity to improve their Irish language skills.

18. Provide a consultancy service for Irish language signage.

Aim: Provide a translation and consultancy service for business people in Tralee who want to use Irish language signage in their business.

Provide a consultancy service for the public and state sector in Tralee for signage in Irish.

Inform businesses about Foras na Gaeilge’s Business Support Scheme which helps businesses use bilingual signage.

19. Raise the profile of the Irish language in Tralee festivals.

Aim: Provide prizes for the groups who most add to the visibility of Irish in festivals whether that be in a parade, information materials, at stands etc.

20. Establish a Recreational Club through Irish.

Aim: Organise recreational activities ag the weekends on a monthly basis for Irish speakers. This gives people the opportunity to take part in enjoyable activities through Irish and thus increase the domains in which they can speak Irish.

21. Support the Pop-Up Gaeltacht.

Aim: Support the Pop-Up Gaeltacht which has been operating in Tralee for a number of years, by helping to publicise and market their events.

22. Support existing Ciorcail Comhrá.

Aim: Support the Ciorcal Comhrá which has been operating in Tralee for a number of years, and any other Ciorcal Comhrá that might be established by helping to publicise and market their events.

bottom of page